Tragód Bhaile Mhanúis (10 a chlog oíche Luan, 10 Meitheamh 1943) – chaill fear amháin 3 mhac, chaill moll acu cúpla duine den teaghlach (19 ina n-iomlán). Shéid mianach suas, tháinig siad isteach ón fharraige i mBaile Mhanúis. Tháinig cúpla duine slán. Tá leacht tógtha i Mullach Dubh. Bhí boinn airgid ag fear amháin ina phóca, cham an pléascadh iad. Cuireadh cuid acu i gCionn Caslach agus cuid acu in Anagaire. Cluineadh an trup fhad le Leitir Ceanainn. Ní raibh a fhios caidé a tharla go lá arna mhárach. | 00:03:21 | |